Cad é mar lá a bhí ag peileadóirí Naomh Séamus i bPáirc an Chrócaigh inné! Ní dhéanfaidh siad dearmad go deo ar! Ócáid iontach eagraithe ag Jamie ó Tuama ón CLG agus bhíomar fíor sásta cuireadh a fháil. Go deo na ndeor beidh buachaillí agus cailíní Naomh Séamus in ann a rá gur imir siad sa pháirc is cáilliula sa tír. Thosaigh na Go Games as Gaeilge le paráid gleoite le clubanna ar fud na Gaeltachta i láthair.

Ceiliúradh ar an nGaeilge agus peil gan dabht. Tá os cionn 25 de phainéal Naomh Séamus ag freastal ar Gaelscoil Dara sa Rinn Mhór agus tá an Ghaeilge lárnach sa chlub cathrach cinnte. Bhí laochra Naomh Séamus Pól ó Cónaire atá mar ambasadóir na Gaeilge don CLG ag barr an pharáid. Tá nascanna láidir Gaeltachta ag Pól. Bhí sé tharr barr do na himreoirí Pól a fheiceáil mar is sampla rathúil é ón chlub. Déanann Pól a ndícheall i gcónaí don marún agus bán gan amhras. D’imir na himreoirí óga a lán cluichí ar an lá agus bhí an scíl de árd caighdeán.

Bhí go leor tuismitheoirí agus cáirde ón club ann ar an lá. Bhíodar fíor bródúil. Nuair a chríochnaigh na cluichí suas ag a 5 a chlog d’imigh chuile dhuine abhaile fíor sásta ar fad. Tá súil againn uilig go mbeidh neart acu le feiceáil thuas i bPáirc an Chrócaigh sár i bhfad arís! Naomh Séamus abú!